Bhí léir de mhuintir Dhún na nGall pósta agus ina gcónaí thall i nGlaschú agus chuireadh siad fáilte mhaith roimh iad siúd ag gabháil anonn. Chuireadh sé cuid mhaith acu ar a gcosa ó thaobh lóistín, airgead agus obair. Fuair sé obair thógála in “Rutherglen”. D’fhan sé ansin bliain, bhí an t-airgead maith, £13-£14 sa tseachtain, ag tarráil lánaí agus srl a bhí sé ag déanamh. Bhí an obair crua ach bhí sult aige ann. Bhí sé thart ar 18 bliana d’aois thart fan am sin. | 00:02:33 | |